An Scéal Leis an gCéad Scéal Eile

Nach-mór bliain ó shin (ar an 27ú Aibreán, mar a tharlaíonn!) scríobh mé píosa faoin staid ag a raibh mo chéad leabhar Bí ag Spraoi Liom! Ag an am sin, bhí Tarsila ag obair lei ag cruthú an ealaín don leabhar agus bhí mise go hiomlán mí-fhoighneach…

Anois, blian iomlán ar aghaidh – táim sa bhád céanna arís! Ach nílim chomh mí-fhoighneach sin an uair seo (bhuel, b’fhéidir beagáinín…) toisc go dtuigim an méid ama agus iarrachta go dtógann na rudaí seo anois. Tá áthas an domhan orm go bhfuil leabhar eile de mo chuid á fhoilsiú freisin, gan dabht!

Mise ag obair/ar strae ar an bhfón…

Tá an t-ath-scríobh agus ath-scríobh agus ath-scríobh arís déanta agam ar mo scéal nua agus tá maisitheoir díreach tar éis tosnú ag obair leis an téacs.

An cuimhin libh gurbh as an mBraisíl do Tarsila ach cónaí uirthi in Éirinn? Bhuel, le rud éigin éagsúil agus misniúil a thriail, is maisitheoir Éireannach atá roghnaithe an babhta seo, go bhfuil cónaí uirthi… sa BHRAISÍL!!! In ndáiríre! Ní fhéadfá é a chumadh, an bhféadfá?!

Nílim cinnte ag an staid seo an bhfuil cead agam níos mó ná sin a fhógairt, ach is féidir liom a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an rogha agus go bhfuil sceitimíní orm an beocht ag teacht isteach sa scéal nua seo a fheiceáil.

Agus mé ag feitheamh ar an fhorbairt sin, táim ag obair liom ar smaointí do leabhair eile, ag éascú ceardlanna ag féiltí,  i scoileanna agus leabharlanna timpeall na tíre (más mian leat go dtiocfaidh mé chuig do scoil/leabharlann/féile, gliogáil anseo!) Beidh mé ag freastal ar an International Literature Festival Dublin agus ar Listowel Writer’s Week an mhí seo chugainn agus ag bualadh le grúpa teaghlaigh le Gaeilge i gCo. na Mí freisin. Táim ag tnúth go mór leo sin!

 

2 comments on “An Scéal Leis an gCéad Scéal Eile”

Leave A Reply

Your email address will not be published.