Bí ag Spraoi Liom ar an Late Late Toyshow!

An raibh tusa i measc an breis is 1.7 milliúin duine a bhreathnaigh ar an Late Late Toyshow an deireadh seachtaine seo caite? Bhí mise! Bhí mé greamaithe leis an scáileáin mar, díreach ag tús an seó, fuair mé téacs ó mó dheartháir ag rá liom go raibh Bí ag Spraoi Liom! feicthe cheana féin aige ar an seit.

Late Late Toyshow 2017 Books, Ryan holding Bí ag Spraoi Liom!

Bhíos i lár tabhairt faoi mo ról mar ‘Book Elf’ (féach #bookelves17 ar na meán sóisialta) agus bhíos ag roinnt moltaí leabhair le téama na farraige leo ar Twitter – spreagtha ag an téama ‘faoi thonn’ a bhí ag an Toyshow  – agus ní raibh mé ag faire i gceart air ar chor ar bith.

Mar a shamhlófá, bhí ionadh agus sceitimíní an domhain orm é a fheiscint! Thosaigh Tarsila (an maisitheoir) agus mé féin ag cur pictiúirí agus teachtaireachtaí  eatarainn agus an oíche ag dul ar aghaidh. Bhí ár leabhar iontach feiceálach sa chúlra tríd an gclár iomlán agus bhíomar chomh buíoch go raibh an t-ádh sin orainn. Táim  an-bhuíoch freisin as scil Tarsila! Dhear sí clúdach álainn, soiléir a raibh sé éasca é a aithint – fiú sa chúlra.

Ach bhí níos fearr fós le teacht!

Late Late Toyshow 2017 Books, Ryan holding Bí ag Spraoi Liom!

Nuair a tháinig an cuid den seó ina mbíonn na léirmheasanna leabhair (ar deireadh – ag nach mór meán oíche!!), chroch Ryan Tubridy mo leabhar in airde! Luaigh sé a hainm! Agus mhol sé don lucht féachana tacú le leabhair Ghaelacha!!

Late Late Toyshow 2017 Books, Ryan holding Bí ag Spraoi Liom!

I’m ready for my closeup!

Ba bheag nár thit mé den gcathaoir! Is ar éigin gur chuala mé a bhí le rá ag Ryan ar an gcéad dul síos (bhí orm breathnú arís air ar an RTÉ player an lá dár gcionn) bhíos ag crith, is ag scréachaíl an méid sin (agus gnóthach ag cumadh tweets a bhí litrithe mícheart – doh!)

Phléasc mo fón le teachtaireachtaí agus beannachtaí agus táim fós sna bhflaithis gach uair a smaoiním air. Míle buíochas le gach éinne a rinne teagmháil liom, a roinn an scéal agus a rinne comhghairdeas liom féin, Tarsila agus Futa Fata. Táimid uilig an-bhuíoch.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid mhór sin, tá comórtas bheag agam daoibh le buíochas a ghabháil libh as an dtacaíocht agus an grá atá léirithe agaibh do Bí ag Spraoi Liom!

Clúdach bí ag Spraoi Liom

Tá dhá cóip de Bí ag Spraoi Liom! agam, le bronnadh ar bheirt buatóir. Más mian leat cóip a bheith agat, ní gá ach trácht a dhéanamh thíos nó dul chuig mo leathnach Facebook agus trácht a fhágáil faoin bpostáil leis an nasc chuig an bpíosa seo.

*****************

Le deiseanna eile cóip a fháil, tá tabhartas eile á reachtáil agam ar mo bhlag eile Where Wishes Come From – má thugann tú cuairt ANSEO feicfidh tú conas cur isteach air. Go n-éirí leat!

 

Leave A Reply

Your email address will not be published.