Bí ag Spraoi Liom!

Tá sé anseo! Ar deireadh thiar thall tá Bí ag Spraoi Liom (scríofa agamsa agus maisithe ag Tarsila Krüse) foilsithe!! Tá sé deacair a mhíniú cé chomh sásta is atá mé faoi seo. Ní réitíonn tada thú do na sceitimíní a thagann ort leis an gcéad boladh, an chéad radharc de d’ainm ar an gclúdach agus fíorú na haislinge go bhfuil sé FÍOR go bhfuil leabhar scríofa agat agus go bhfuil sé i ndáríre i do lámh.

Bhíos ar oileán iarghúlta i nDún na nGall nuair a fuair mé scéala ó m’fhear chéile (a bhí  fágtha sa bhaile agam) go raibh bosca mór tagtha ó ‘Gill Books’ (na dáilitheoirí) sa phost dom. Cé go raibh mé ag baint ard sult as bheith ar oileán fhiáin gan tada air seachas trá fada folamh, cúpla beithigh agus cairde buan – an nóiméid go bhfuair mé an glaoch bhí fonn orm éalú abhaile láithreach. Ach… níl sé chomh héasca sin éalú ó oileán bheag nuair nach bhfuil bád agat agus nuair atá ort feitheamh ar thaoidí!

Ar aon nós, an lá dar gcionn, tar éis turas fada tuirsiúil  (a thóg nach mór 5 uair a’ chloig toisc riachtanaisí leithris mo chailíní )…. thaining an nóiméid go bhfaca mé mo chéad leabhar don chéad uair!!:

A post shared by Sadhbh (@wherewishescomefrom) on

Táim chomh-chomh-sásta leis. Rinne Tarsila jab den scoth den maisiú agus is breá liom an bealach gur thug sí beocht do m’fhocail. Tá an-thalann go deo aici agus táim dúnta i ngrá leis na caractéirí agus an domhain a chruthaigh muid le chéile.

A post shared by Tarsila Krüse (@tarsilakruse) on

Tá Bí ag Spraoi Liom! ar a mbealach go dtí siopaí thart timpeall na tíre an tseachtain seo. Faoi láthair tá sé ar fáil ó Dubray, Hodges Figgis, Liam Ruiséil Teo i gCorcaigh agus O’Mahoney’s i gCiarraí. Agus dár ndóigh, tá sé ar fáil ar líne ó Futa Fata iad féin freisin!

A post shared by Sadhbh (@wherewishescomefrom) on

Táim ar bís é a fheiscint ar sheilfeanna, amuigh sa fíor-shaol. Go dtí seo tá #shelfie (#seilfí??) amháin faighte agam ó leantóir de mo chuid ar Facebook. Ach, táim ag tnúth go mór le cuairt a thabhairt air mé féin go luath.

Ba bhreá liom dá bhféadfadh sibh rá liom má fheiceann sibh in áit ar bith é nó, níos fearr fós pictiúir a chur chugam idir an dá linn.

Más mian leat réamhbhlaiseadh a fháil den scéal – ní gá ach breathnú anseo:

Tá súil agam go mbaineann tú féin/do pháistí taitneamh as!!

Clúdach bí ag Spraoi Liom

BÍ AG SPRAOI LIOM!
le Sadhbh Devlin & Tarsila Krüse
€9.95

2 comments on “Bí ag Spraoi Liom!”

  1. Deirdre O' Malley Reply

    Comhghairdeas!! Tá cuma álainn ar an leabhar sin Sadhbh & Tarsila! Tar éis an réamhbhlaiseadh sin táim ag tnúth go mór leis an leabhar sin a léamh. Maith sibh!!

Leave A Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *