A chairde!! Fáilte chuig mo shuíomh nua agus mo chéad phostáil ar an mblag seo.
Tá sé thar am dom blag Gaeilge a thosnú agus táim ar bís tabhairt faoi! Tá blag i mBéarla agam le fada, fada an lá agus fiú cúpla gradam buaite agam lena haghaidh ach, ar fáth éigin níor rith sé liom ariamh ceann eile a thosnú i nGaeilge – cé gurb í an Ghaeilge mo dara theanga agus ceann atá á úsáid agam go laethúil ó bhí me ceithre bliana d’aois!
Le déanaí, bhíos ag scríobh neart ar Where Wishes Come From (sin ainm an blag eile) mar gheall ar mo chuid oibre le TG4 agus mo leabhar nua atá á fhoilsiú ag Futa Fata. Bhraith sé an-aisteach dom bheith ag scríobh i mBéarla mar gheall ar rudaí ata á dhéanamh agam trí Ghaeilge. Smaoinigh mé ansin gurb fhearr ar fad suíomh iomlán nua a bhunú agus é dírithe ar an dtaobh Gaelach de mo shaol agus tríd sin, beagán cothromaíocht a bhaint amach.
An aidhm atá agam leis an suíomh seo ná eolas a roinnt faoi mo shaol mar scríbhneoir, mar thaighdeoir agus na rudaí eile a bhíonn ar bun agam agus mé ag labhairt Gaeilge. Freisin, ba mhaith liom go mbeadh luach éigin le baint as – mar sin beidh nodanna faoin scríbhneoireacht, léirmheasanna leabhair agus agallaimh le daoine spéisiúla le fáil anseo freisin.
Tógfaidh sé tamaillín orm cur leis an suíomh is dócha, mar sin, idir an dá linn féach ar an leathnach ‘Faoi‘ le tuilleadh eolais a fáil fúm. Nó, más scéalta fúm bheith i mo thuismitheoir, treoracha do lámh-cheirdeanna gur féidir leat a dhéanamh le do pháistí agus súil isteach i mo shaol ‘Béarla’ atá á lorg agat – tá fáilte romhat cuairt a thabhairt ar mo shuíomh eile, am ar bith, freisin!
4 comments on “Fáilte Isteach”