Oíche le Lauren Child

Lauren Child's Lola

Lauren Child ag caint faoi thús ‘Lola’.

Déardaoin seo caite, d’fhreastal mé ar caint a thug Lauren Child in DLR LexIcon. Scríobhann agus maisíonn Lauren Child leabhair do pháistí. Na cinn is aitheanta uaithi ná sraith Charlie & Lola (atá le feiscint ar CBeebies freisin) agus na scéalta faoi Clairice Bean, is dócha. Taithníonn Charlie & Lola thar cionn le mo chailíní agus taithníonn an stíl ealaíne atá aici go mór liom féin. Tá scil ar leith aici guthanna páistí agus an bealach a bhreathnaíonn siad ar an saol thart orthu a léiriú freisin.

Lauren Child presentation

Who Want’s to be a Poodle, I Don’t!

Ar an oíche, bhí Lauren Child i gcomhrá le Mags Walsh ón gComhairle Ealaíne – rud a chruthaigh atmaisféar deas neamh-fhoirmeálta. Labhair Child faoina cúlra, ar an gcailín beag a chonaic sí ar thraein sa Danmharg a spreag an caractéir Lola, an geansaí tochasach a spreag an leabhar ‘Who Wants to be a Poodle, I Don’t!’ agus an cuí ar tháinig sí ar an stíl ealaíne atá aici ag spraoi le píosaí páipéir agus í ag obair mar fháilteoir. Labhair sí freisin faoi na húdair agus maisitheoirí a thug ionspioráid di, ina measc;  Charles M. Schulz, cruthaitheoir Charlie Brown agus Quentin Blake.

Ruby Redfort

Bhain mé taitneamh ar leith as éisteacht lei plé a dhéanamh ar Clarice Bean. Tá Clarice neamh-ghnách mar charactéir sa chaoi is go bhfásann sí suas. Thosnaigh sí, sna pictiúirleabhair a chum Child, mar pháiste thart ar 6 bliana d’aois. Ach thar am, cuireadh isteach in úrscéalta dírithe ar luath-léitheoirí í.

Sa scéal deireannach tá sí thart ar 11bl. Freisin, is ó ‘Clarice’ a tháinig an caractéir ‘Ruby Redfort’ –  réalta an sraith is déanaí ó Child atá dírithe ar dhaoine óga fásta. Bhíodh sliochtanna ó leabhair ‘Ruby Redfort’ sna húrscéalta faoi Clarice agus bhí sí mar laoch aici.  Ní fíor-leabhair a bhí i gceist d’ár ndóigh – ach d’fhás lucht leanúna Ruby Redfort agus tosnaigh ráflaí ag scaipeadh gurbh ann de na leabhair fúithi. Bhíodh glaochanna á fháil ag Child ó leabharlanna thar timpeall na cruinne ag rá go raibh páistí istigh ag lorg na leabhair faoi Ruby Redfort agus litreacha á fháil aici ó pháistí ag impí uirthi iad a scríobh.

Clarice Bean That's Me Cover

Tá 6 leabhair anois sa sraith Ruby Redfort agus ag breathnú ar an slua cailíní óga d’aois 12/13 bl. a bhí sa lucht féachana an oíche sin, is dócha go bhfuil leantóirí Child tar éis fás in éindí le Clarice.

Leabhar sínithe ag Lauren Child

Bhí réimse leabhair ar díol ar an oíche agus roghnaigh mé ‘Clarice Bean, That’s Me’ le tabhairt abhaile dom féin chuig mo chailíní. Bhí deis agam comhrá gairid a bheith agam le Lauren Child nuair a bhí sí á shíniú freisin. Dúirt mé lei go mbeadh leabhair agam féin ag teacht amach go luath (gotta hustle!) agus ghlac sí nóta d’ainmneacha mo chailíní – nach raibh feicthe ariamh aici ach a thaitin go mór lei. Má tá aon cuid dá leabhair léite agat roimhe seo tuigfidh tú go bhfuil ainmneacha neamh-ghnáthacha iontu i gcónaí, cúpla sampla ná; Hubert Horatio Bartle Bobton Trent, Minal Cricket, Soren Lorenson agus Herb.

N’fheadar an bhfeicimid caractéir d’arbh ainm Lile nó Sábha nó ‘Lile Sábhason’ i leabhair dá cuid amach anseo?!

Leave A Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *