Le Déanaí

Tá ‘post’ fíor-mheascaithe agam le déanaí. Más féidir ‘post’ a chur air ar chor ar bith – slí beatha, b’fhéidir. Ní hamháin gur scríbhneoir pictiúirleabhar mé, ach is blagálaí mé, is taighdeoir teilifíse mé agus bím i bun obair eile sna meáin freisin (cruthú físeáin/scríobh altanna/srl).

Uaireannta bíonn sé saghas scanrúil bheith ag marachtáil mar seo. Tá gach rud an-mhí-shocair agus níl aon pháigh ‘cinnte’ ag teacht isteach sa teach – is saor-oibrí m’fhear chéile freisin. Uaireannta tá amhras orm go bhfuil mé ag déanamh an rud ceart  bheith ar thóraíocht mo bhrionglóidí – seachas post buan, ‘ceart’ a fháil, a íocfaidh na billí. Ach, ar an lámh eile, is breá liom go bhfuil gach lá éagsúl agus go bhfuil deis agam saol cruthaitheach, a thugann sásamh dom a chruthú dom féin. Is maith liom go bhfuilim ag obair ó bhaile don mór-chuid agus toisc sin, ar fáil do m’iníní freisin.

Ansin tarlaíonn na rudaí a thugann spreagadh dom leanúint ar aghaidh mar atá agus bheith ag súil go n-éireoidh liom marachtáil mar seo go ceann tamaillín eile ar a laghad!

Fuaireas scéala thar an deireadh seachtaine go bhfuil an blag seo ar an ngearrliosta do na V by Very Blog Awards 2017. Ní hamháin sin – ach tá sé ar an ngearrliosta i ndá chatagóir: Blag Gaeilge agus Books and Literature. Táim ar bís faoi dul chomh fada leis an ngearrliosta leis an suíomh seo. Tá an blag seo an-nua, (thosnaigh mé ag deireadh Mí Aibreán ’17) agus nílim ach ‘nua’ sa genre iomlán seo, so ní raibh mé ag súil le dul chomh fada le seo i mo chéad bhliain. Ach, é sin ráite, táim iontach sásta gur éirigh liom!

Freisin, bhí léirmheas álainn de Bí ag Spraoi Liom! ó Mary Arrigan san Irish Examiner ar an Satharn:<

A post shared by Sadhbh (@wherewishescomefrom) on

Níl mothúchaín níos fearr ná do leabhar a fheiscint sa pháipéir! Go háraithe agus rudaí dearfacha á rá faoi!

Tá cúpla rud eile go bhfuil mé ag súil leo an tseachtain seo freisin. Beidh mé ag glacadh páirt sa chéad Bray Literary Festival agus ag tabhairt cuairt ar scoil áitiúil le mo scéal a léamh le slua buachaillí óga agus beagán ealaín a dhéanamh leo freisin.

Ar an Domhnach beidh mé ag caint ag comhdháil idirnáisiúnta Children’s Books Ireland ar phainéil na ‘New Voices’ – táim sceitimíneach agus neirbhíseach faoi. De ghnáth léann daoine óna leabhar… ach glacaim leis nach dtuigfí céatadán suntasach sa luch féachana Gaeilge… mar sin táim ag iarraidh dul timpeall ar sin bealach éigin… beidh le feiscint an éireoidh liom!

Idir rud amháin agus rud eile táim ag baint ard-taitneamh as an saol faoi láthair- in ainneoin na héiginnteachta!

 

 

Leave A Reply

Your email address will not be published.