Leabhra Feabhra 2018 – Muiraistir

Tá dáta álainn ar fhéilire na nGael ag teacht aníos go luath – Leabhra Feabhra!

 

Tá sé éasca go maith ceiliúradh a dhéanamh freisin. Níl le déanamh agat ach leabhar Gaeilge a cheannach agus é a bhronnadh ar dhuine éigin an 1 Feabhra, Imbolg/Lá ‘le Bríde. Sin é! Nach deas an smaoineamh é? Cosúil le Nollaig eile bídeach – ach gan an strus! Is é seo an ceathrú bhliain don fhéile bheith ar an bhfód. Bhí sé bunaithe ar dtús sa Bheilg i 2015 ach tá bláthú tagtha air ó shin agus táim ar bís faoi pháirt a ghlacadh mé féin i mbliana.

Tuigim go bhfuil téama ‘muiraistir’ leis an bhféile i mbliana agus is iomaí leabhair do pháistí atá ar fáil leis an téama sin leo. Féach na pictiúirí sa phíosa seo le hionspioráid a fháil!

Mar sin, ceannaigh leabhair – scríobh tiomnú  laistigh de, a chuirfidh i gcuimhne go deo don fhaighteoir gur chuimhnigh tú air nó uirthi ar an lá! “Leabhra Feabhra faoi mhaise duit!” “Beannachtaí Fhéile na Leabhar ort!” “Beannachtaí na Féile Bríde duit” agus, más mian leat daoine eile a spreagadh le bheith páirteach sa traidisiún, téigh sa ghrúpa ar Facebook: Leabhra Feabhra – Lá Mór na Leabhar Gaeilge  áit gur féidir leat moltaí a iarraidh nó a thabhairt.

Ach ná stop ansin! Roinn grianghraf den leabhar a fuair nó a bhronn tú, nó roinn ar Twitter é  ag úsáid an haischlib ‪#‎leabhrafeabhra‬. (Féach anseo le heolas a fháil mar gheall ar chomórtas álainn a bhaineann leis an haischlib sin!)

Tá lascainí ar fáil ó dhíoltóirí leabhair Gaeilge go speisialta don fhéile seo freisin.  Tá lascaine 20% ach an cód LEABHRA18 a úsáid ar shuíomh m’fhoilsitheoir féin – Futa Fata – áit gur feidir mo leabhar féin Bí ag Spraoi Liom! a cheannach freisin. Níl téama na farraige leis ach clúdach gorm air… an ndéanfaidh sé sincúis?!!

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.leabhrafeabhra.com

Leave A Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *