An Nuacht is Déanaí

Is fada ó scríobh mé ar an suíomh seo ach tá neart ag tárlú agus ba mhaith liom taifead a dhéanamh de anseo. Do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, tá s’agat! (GOA)

    • Foilsíodh Beag Bídeach, mo dhara leabhar (le Róisín Hahessy), ag deireadh Mí na Samhna anuraidh. Ó shin táim an-shásta go bhfuil ag éirí thar cinn leis agus gur cuireadh fáilte álainn roimh Nína, Jimí beag agus an teach bábóige

View this post on Instagram

 

A post shared by Sadhbh (@wherewishescomefrom) on

    • Tá an-bhród go deo orm gur ainmníodh le déanaí é le haghaidh Gradam ‘Leabhar na Bliana’ le Leabhair Pháistí Éireann!! Is onóir OLLMHÓR é seo agus tá ríméid orm go bhfuil mo scéilín bheag bídeach i measc na leabhartha iontacha eile ar an ngearrliosta. Beidh an bronnadh ar siúil ar an 22 Bealtaine. Tuilleadh eolais ANSEO.

    • Táim ag obair liom ag déanamh iarracht scéalta eile a fhorbairt agus tá súil agam go n-eireoidh ceann amháin nó ceann eile ag staid éigin!

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Sadhbh (@wherewishescomefrom) on

  • Uaireannta, tagann smaointí chugam nach n-oireann do pháistí ar chor ar bith. Le tamaill anuas táim ag baint triail as na smaointí sin a úsáid le píosaí Splanc-Fhicsin a chruthú. Is cleachtas a thaitníonn go mór liom agus a thagann go maith leis an gcleachtas pictiúirleabhair a scríobh. Is gá mion-eagarthóireacht a dhéanamh sa dá chás agus gach uile fhocal a chur ag obair go dian! Táim fíor-shásta go bhfuil píosa de mo chuid foilsithe san iris digiteach nua splonk.ie! Is féidr é a léamh anseo: LÚCHÁIR AN EARRAIGH

    Clúdach bí ag Spraoi Liom

    Clúdach Bí ag Spraoi Liom

  • Rud eile atá ag tárlú an mhí seo  ná go mbeidh athchló de Bí ag Spraoi Liom! á fhoilsiú – le clúdach bog! Tá an-áthas orm faoi seo agus táim ag súil go mór é a fheiscint. Má fheiceann tú cóip crua sna siopaí idir seo agus sin bí cinnte é a fháil níl ach cúpla cóip fágtha!

  • Beidh neart imeachtaí ar siúil agam freisin – cuid a bhaineann leis na gradaim agus cuid eile atá oscailte don phobail. Beidh mé in dlr LexIcon ar an 11 Bealtaine le seisiúin scéalaíochta agus ceardaíochta a stiúriú do theaghlaigh @2.30-4i.n. agus ar an 17ú beidh me in Bridge Street Bookshop i gCill Mhantaín le haghaidh Féile Chill Mhantáin @ 3i.n. Ar an 26ú agus 27ú beidh mé ag déanamh ceardlainne ceardaíochta mar chuid den Party in the Park ag ILFD. Fáilte roimh chách!

Leave A Reply

Your email address will not be published.