Pictiúirleabhair le léamh ar Oíche Shamhna

Tá Oíche Shamhna nach mór buailte linn! Is breá liom na séasúir a cheilúradh agus mar chuid de sin tá sé de nós agam, ó rugadh mo chailíní,  cairn leabhair ‘speisialta’ a bhaineann leis na séasúir éagsúla a choimeád i dtaisce agus iad a tharraingt amach gach bliain ag an t-am a oireann. Bíonn sceitimíní orthu na ‘sean chairde’ seo a fheiscint bliain i ndiaidh bliana agus cuireann sé go mór leis na féiltí ar a bhfuil siad bunaithe.

Tá neart leabhair againn faoin Nollaig, mar shampla, roinnt eile a bhaineann leis an Earrach agus roinnt eile fós a oireann don Samhradh. Go dtí seo, áfach, ní raibh mórán againn sa chairn d’Oíche Shamhna – agus leabhar ar bith acu i nGaeilge! Bheartaigh mé é sin a chur ina cheart i mbliana agus táim tosnaithe ag cuardach/ceannach leabhair a bheadh oiriúnach don t-am seo den bhliain.

Seo thíos roinnt moltaí, ach ba bhreá liom tuilleadh a fháil!

Taibhsí sa Teach

Taibhsí sa Teach

Leabhar álainn é seo le Kazuno Kohara faoi theach bheag aisteach ar imeall an bhaile. Ach ní chuirfidh cúpla taibhse isteach ar an gcailín cliste a thagann le cónaí ann!

Kazuno Kohara
An Gúm 2009

 

An Oíche Dhorcha

An Oíche Dhorcha

Scéal faoi ghrúpa ainmhithe atá ag iarraidh cabhrú lena gcara Féilim Frog dul abhaile chuig a lochán uisce – rud nach féidir leis a dhéanamh, mar go bhfuil fathach mór gránna ag fanacht leis! Cé go bhfuil an Earrach luaite sa scéal seo, tá teannas mhaith ann agus tá sé an oiriúnach le scanradh séimh a chur ar pháistí óga.
M Christina Butler & Jane Chapman
Futa Fata 2008

Scuabtha Chun Siúil

Aistriúchán é seo ar ‘Room on the Broom’ le Julia Donaldson. Tá sé aistrithe go hálainn ag Gabriel Rosenstock. “Bhí cat ag an gCailleach – Cailleach an Hata – Ní srón a bhí uirthi ach saghas éigin fata! Bhí an cat ag crónán is ag gáire go baoth. Seo chugainn ar an scuab iad ag teacht ar an ngaoth!”

Julia Donaldson & Axel Scheffler, An Gúm 2002
Cití Cailleach

Cití Cailleach

Tá sraith scéalta ar fáil faoi Chití Cailleach. Aistriúcháin ar an tsraith Winnie the Witch le Korky Paul agus Valerie Thomas atá iontu. Bí ag faire amach le haghaidh na teideal seo sa sraith: Cití Cailleach, Cití sa Gheimhreadh, Cití san Aer Arís agus Cití agus a Slaitín Draíochta.

Korky Paul agus Valerie Thomas
An Gúm

Púca sa Teach

Tá Lúlú an madra caite amach as an teach ag Mamaí arís. Ach tá plean ag Jeaic, an eolaí óg. Cruthaíonn sé meaisín a dhéanann Lúlú dofheicthe ach nuair a shuíonn Mamaí ar ‘phúca’ a bhaineann greim as a tóin – tosaíonn an spraoi ar fad. Cé nach scéal faoi ‘phúca’ é i ndáríre tá sé seo an-oiriúnach do pháistí óga d’Oíche Shamhna.

Máire Ní Ghallchobhair & Peter Donnelly, Leabhar Breac

 

Táim lán-chinnte go bhfuil leabhair eile Gaelacha a bheadh oiriúnach don Fhómhair agus d’Oíche Shamhna  -ba bhreá liom dá mbeadh moltaí agat!

Tá liosta iontach ag Tuairisc.ie de leabhair scéine a bheadh oiriúinach do pháistí níos sine anseo:

Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna

 

Leave A Reply

Your email address will not be published.