Sceideal Seachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn agus tá sceideal álainn agam a bhfuil mé ag súil go mór le tabhairt faoi. I measc gnáth-obair eile na seachtaine (scríobh, scríobh agus tuilleadh scríobh!) tá áthas orm go mbeidh deis agam bualadh le léitheoirí óga na Gaeilge i mbliana. Tá ceardlainne éagsúla, bunaithe ar Bí Ag Spraoi Liom!, ar siúil agam sna háiteanna seo a leanas:

Sceideal Seachtain na Gaeilge Sadhbh Devlin

An tSeachtain Seo

Beidh mé ag léamh agus ag déanamh roinnt lámh-cheardaíocht bunaithe ar théamaí Bí ag Spraoi Liom! le Rang 1 áitiúil i Leabharlann Chúlóg ar an 7 Márta. Beidh mé ag déanamh sraith seisiúin scéalaíochta agus beagán ealaín i nGaelscoil Chill Mhantáin ar an 8 Márta freisin. Caithfidh mé 30 nóiméad le gach rang ó Naíonán bheaga suas go Rang 2 – thart ar 150 páiste!

An tSeachtain Seo Chugainn

Ar an Máirt seo chugainn, an 13 Márta, beidh mé féin agus Tarsila (maisitheoir Bí ag Spraoi Liom!) ag tabhairt aghaidh ar Bhéal Feirste agus féile Young at Art. Beimid ag déanamh cúpla ceardlann le scoileanna áitiúla sa Chultúrlann le meascán scéalaíocht, cumadóireacht agus scileanna ealaíne iontu. Táim féin agus Tarsila ag tnúth go mór le bheith ag obair le chéile arís agus tá na ceardlainne díolta amach (!) rud a chuireann gliondar croí orainn. Ina dhiaidh sin, ar an 14 Márta beidh mé liom féin arís ag tabhairt cuairt ar an leabharlann i bPort Laoise agus ag tabhairt faoi scéalaíocht agus lámh-cheardaíocht arís.

Is breá liom an deis a fháil ár leabhar a thabhairt ar an mbóthar agus é a roinnt le lucht féachana úr nua. Níl rud ar bith níos fearr ná mo scéal a léamh le páistí óga, a thuairimí a fháil air agus spraoi a bheith againn leis na téamaí ina dhiaidh – go háirithe i rith Seachtain na Gaeilge!

Má tá baint agat féin le scoil nó leabharlann nó féile ealaíne ar bith ná bíodh drogall ort ariamh plé a dhéanamh liom maidir le cuairt údair uaim. Gliogáil ANSEO le teagmháil a dhéanamh liom.

Leave A Reply

Your email address will not be published.