Stumpa: Leabhar Nua don Nollaig

Fuair mé leabhar álainn sa phost an tseachtain seo, díreach in am don Nollaig. Stumpa – an chéad leabhar uaidh scríbhneoir Nicky Dowd, atá maisithe ag Winnie O’Brien a bhí ann.

Stumpa Gaeilge

Bhíos ar thóir leabhair do pháistí faoin Nollaig le déanaí agus bhí an-áthas orm teacht ar an gceann seo. Bím ag léamh i rang scoile m’iníní gach seachtain agus bím i gcónaí ag lorg teideal nua le roinnt leis na páistí. (Bhuel, is maith liom leithscéal ar bith a bheith agam leabhair a cheannach freisin, bí cinnte!)

Crann beag óg atá ag streachailt is ea Stumpa. Nuair ata sí tréigthe ar thaobh cnoic tar éis do na fir oibre a cuid comrádaithe a leagadh, bíonn sí an-uaigneach go deo. Ansin tagann páistí óga len í a shábháil. Le cabhair ó Spideog agus ó ainmhithe eile na foraoise, fásann sí mór agus láidir i ngáirdín na páistí agus tagann cuairteoir an-speisialta ar cuairt chuici freisin.

Stumpa lár

Is scéal áthasach Nollag é seo a bhfuil teachtaireacht timpeallachta agus shóisialta ann do chách. Molann sé do dhaoine smaoineamh ar chrann beo, atá fréamhaithe i bpota, a cheannach don Nollag agus ina dhiaidh, é a chur sa gháirdín.

StumpaIs bealach deas é, um Nollaig ach go háraithe, le comhrá a hoscailt le do pháistí maidir le cur amú acmhainní agus sásamh a fháil ó na rudaí simplí sa saol. Spreagfaidh sé freisin, comhrá faoi iontais an dúlra.

Thaitin an leabhar go mór liom. Tá íomhánna deasa cruthaithe ag Nicky lena bhfocal agus ag Winnie lena cuid ealaíne. Cuireann sé scéal  Hans Christian Andersen The Fir Tree i gcuimhne dom beagán – cé go bhfuil deireadh i bhad níos dearfaí leis an scéal seo!

Tá an teanga sa leagan Gaeilge simplí go maith. Titeann an leabhar áit éigin idir phictiúrleabhar ‘traidisiúnta’ agus leabhar do pháistí níos sine (i dtéarmaí líon na bhfocal agus leagan amach). Tá neart téacs ann ach tá an scéal féin oiriúnach d’aois 5+, mar sin sílim gur leabhar é le léamh le do pháistí. Ní bheadh mo bheirt (aois 7) ábalta é a léamh dóibh féin ach is cinnte gur thaitin sé go mór leo nuair a léigh mise é!

Más spéis leat é a chloisteáil dhuit féin, tá leagan closleabhar de ar fáil freisin – é léite go hálainn ag Tony Reidy. Is féidir teacht air anseo: http://www.nickydowd.com/audiobooks Rud éigin deas le héisteacht leis Oíche Nollag, b’fhéidir?!

Stumpa clúdach

Beidh an leabhar álainn seo á chur agam le ‘leabharlann na Nollag’ s’againn agus táim cinnte go mbeimid ag tnúth len é a léamh arís is arís eile thar na blianta amach romhainn.

Gach eolas faoi Nicky, Winnie agus Stumpa anseo: http://www.nickydowd.com/stumpa

 

Nochtadh: Cuireadh dhá cóip de Stumpa (Béarla & Gaeilge) chugam le léirmheas a dhéanamh orthu. Is liomsa amháín na tuairmí seo agus níor íocadh mé as iad a roinnt!

Leave A Reply

Your email address will not be published.