Dea-Scéala x2

Tharla dhá rud dom inné go raibh sceitimíní orm fúthu. In aineoin gurb an Luain a bhí ann.

Sa chéad áit, fuaireas cead, ar deireadh, clúdach mo chéad leabhar ‘Bí ag Spraoi Liom’ a nochtú! Agus féach air!

Clúdach bí ag Spraoi Liom

Clúdach Bí ag Spraoi Liom

Nach deas é?! Táim dúnta i ngrá le léaráidí Tarsila Kruse, maisitheoir den chéad scoth, a rinne an-obair ar an leabhar. Táim ar bís go bhfeice sibh a rud iomlán, mar níl leathnach ar bith ann nach bhfuil álainn ar fad le breathnú air. Tá na pictiúirí deasa sin agus m’fhocail féin i lámha na clódóirí faoi láthair agus táim ag tnúth go mór le cóip fisiciúil a bheith agam go luath.

Níl dáta foilseacháin agam go fóill  – ach bí cinnte go mbeidh mé ag béicíl faoi nuair atá. Bí ar aire!

Litir

Dea-scéala 2!

An dara rud atáim sceitimíneach faoi ná go bhfuair mé litir inné ag dearbhú go bhfuil coimisiúin faighte agam ó Fhoras na Gaeilge leabhar eile a scríobh! Níl náire orm a admháil go raibh mé ag léimt timpeall an tí le háthas nuair a fuaras an nuacht. Tá mé chomh, chomh sásta go mbeidh an deis seo agam.

Tá scéal amháin nach mór scríofa agam ach ba mhaith liom an deis a thapú cúpla ceann eile a scríobh (ionas go mbeidh rogha ag m’fhoilsitheoir!) Tá neart obair rogham ach le spreagadh mar seo, táim ar bís tabhairt faoi!

Anois… bheadh sé níos éasca tabhairt faoi muna mbeadh mo phaistí ag críochnú ar scoil don Samhradh i gceann cúpla lá… Ach, is dócha go mbeidh mé ábalta iad a úsáid mar ionspioráid ar a laghad.  Is iadsan a spreag ‘Bí ag Spraoi Liom’ so, táim ag súil go dtiocfaidh rud éigin eile úsáideach uathu an uair seo!

Cupán Tae

Ceiliúradh!

Ní thagann laethanta le dea-scéala mar inné ró-mhinic agus mothaíom amhlaidh is gur cheart dom ceiliúradh a dhéanamh. Bheadh gloine prosecco go deas ach, is dócha go mbeidh ar chupán tae agus beagán seacláid an gnó a dhéanamh an uair seo! Sláinte!

Leave A Reply

Your email address will not be published.