Is scríbhneoir do pháistí í Sadhbh Devlin. Tá trí pictiúirleabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata. Tá cónaí uirthi i mBré, Co. Chill Mhantáin lena fear chéile, a hiníní, Lile agus Sábha agus dhá mhuc-ghuinea d’arbh aimn Teacup agus Bow.
Tá céim aici sa Drámaíocht agus an Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, BÁC agus d’oibrigh sí ar feadh na blianta i ‘saol na Gaeilge’, go príomha le Comhluadar Teo. – eagraíocht a thug tacaíocht do thuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge.
Bíonn Sadhbh ag obair ar chláracha teilifíse do TG4 freisin agus tá taithí aici bheith ag obair mar; Láithreoir, Taighdeoir agus Cúntóir Léiriúcháin. Faoi láthair tá sí le feiceáil ag déanamh ealaín agus lámh-cheardaíocht ar Cúla4 ar Scoil!
Is ball í de Children’s Books Ireland, Writers in Schools agus Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Scríobhann sí léirmheasana d’Inis Magazine agus tá sí ar fáil le ceardlainne éagsúla a bhaineann leis an litríocht a dhéanamh i scoileanna, leabharlanna agus féilte.
Is í an Scríbhneoir Cónaithe le dlr 2019/2020.
Déan teagmháil lei más spéis leat bheith ag obair lei.
*******************************************