An mhí seo caite, d’fhreastal mé ar imeacht d’arbh ainm ‘When are You Going To Write a Proper Book?’ a bhí ar siúil in DLR Lexicon in nDún Laoghaire (sea, caithim neart ama ann – agus cén fáth nach gcaithfinn nuair atá imeachtaí iontacha mar seo ann?!) Lá iomlán a bhí ann, le cainteanna ó dhaoine éagsúla i gnó pictiúirleabhair do pháistí.

Ealaín le Alan O Rourke
Chuir scríbhneoir cónaitheach an leabharlann, Sarah Webb, an chlár le chéile agus bhí tacaíocht ann ó Leabhar Pháistí Éireann freisin. Bhí an oiread sin le foghlaim i gcaitheamh an lae gur líon mé 14 leathnach de leabhar nótaí! Is deis maith é seo anois dom, dul tríd na nótaí sin leis na príomh phointí a aithint agus len iad a roinnt libhse.
What makes a Brilliant Picturebook and do they have to Rhyme?
Ar dtús ar madin, bhí file Lucinda Jacobs agus Dr. Valerie Coghlan (leabharlannaí/léachtóir/taighdeoir) ag plé na ceiste seo. An freagra gairid atá air ná nach gá go mbeadh rím i bpictiúirleabhair. Ach bhí an freagra sin againn cheana féin – nach raibh?! An rud is tábhachtaí, dár leo, ná ‘rithim’ an leabhar iomlán. Rithim na bhfocal agus rithim na bpictiúirí agus an rithim a chruthaíonn siad le chéile, a choimeádann ag iompú an leathnach muid.
Ach, tá luach ag baint le rím i bpictiúirleabhair freisin. Uaireannta cabhraíonn sé le tuismitheoirí agus iad ag léamh le páistí an-óg. Tá sé cosúil le hamhrán nó suantraí agus cabhraíonn an rím le tuismitheoirí leanúint leo, nuair a mothaíonn siad go bhfuil siad ag caint isteach i bhfolús! Bíonn rím taitneamhach do pháistí óga freisin – go háraithe nuair atá curfá ann gur féidir leo béicíl amach.
Má tá spéis agat rím a scríobh do leanaí óga tá sé an-tábhachtach go beadh sé ‘ceart-ar-fad’ – sé sin go bhfuil tuairim agat faoi peintiméadar iambach (fuaireamar ‘crash course’ gairid ann) agus conas mar a oibríonn sé.
Deir Lucinda Jacobs:
If you find a book awkward to read, it’s usually because the rhythm is ‘wrong’.
Mar sin tá tábhacht ag baint leis!
What Comes First, the Words or the pictures?
Painéil a bhí ann leis an gceist seo a phlé, le Chris Judge, Michael Emberley agus Mary Murphy. Phléadar an modh oibre atá acu agus thug siad léargas dúinn ar an saol mar scríobhneoirí/maisitheoirí lán-aimseartha.
D’aontaigh siad uilig go bhfuil sé níos éasca dóibh tosnú ar leabhar a mhaisiú nuair atá na focal ann roimh ré – ach uaireannta tagann an coicheap nó caractéir chucu ar dtús agus go dtosaíonn siad le sin. Dúirt Chris Judge linn gur thóg sé tamaillín air foghlaim go bhfuil níos mó i gceist le pictiúirleabhar ná pictiúirí deasa – agus go bhfuil ar an scéal/coincheap bheith láidir freisin. Cé nach bhfuil ann ach b’fhéidir 500-600 focal (nó níos lú!) i gceist tá gach uile focal rí-htábhachtach.
Bhí píosa comhairle mhaith ó Michael Emberley:
You should like the process (of making picture books), because there’s gonna be more process than product.
Mhol Mary Murphy dúinn gan do chuid oibre a thaispeáint do an-chuid daoine ar dtús, bí muiníneach as do thuairim féin ar do chuid oibre – an chuid is mó don ama níl an ais-eolas fiúntach toisc go mbeidh cairde srl ag iarraidh bheith deas leat ar aon nós! Glac d’am agus déan an rud is fearr gur féidir leat a dhéanamh agus ansin seol amach chuig foilsitheoirí srl é.
An focal scoir a bhí ag Chris Judge ná:
Get off Facebook! (chun an meilt-ama a thagann leis a sheachaint)
Shhh! Silent Books
Scríobh mise cheana faoin taispeántas Leabhar Ciúin agus faoin tábhacht a bhaineann leis, ach bhí sé iontach cloisteáil ó Uachtarán iBbY Ireland, Jane O’Hanlon agus í ag tabhairt léargas níos leithne air. Thaispeáin sí an leabhar nua ó Marie-Louise Fitzpatrick ‘Bat Owl, Owl Bat’ dúinn freisin atá le cur leis an mbailiúcháin amach anseo. Tá se iontach spreagúil go mbeidh leabhar Éireannach ann!
Chualamar tuairisc láidir freisin ó mhúinteoirí agus daltaí ó St. Laurence College a thaistil go Lampedusa le hobair dheonach a dhéanamh ann le déanaí.
Is it me you’re looking for?
Painéil luachmhar eile a bhí sa mhír seo, le Deirdre Mc Dermott ó Walker Books, Emma Byrne ó O’Brien Press, Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata agus Margaret Anne Suggs ó Illustrators Ireland ag plé atá á lorg acu ó scríbhneoirí/maisitheoirí.
Tá Walker Books ag lorg leabhair do leanaí óga (aois 0-6) atá ‘neamhghnáthach’ le stíl ealaín simplí ach croíúil (smaoinigh ar stíl Chris Haughtoon, mar shampla)
Tá O’Brien Press ag lorg rudaí ar théamaí Éireannacha atá barrúil agus éadrom – ach a bhfuil oideachasúil ag an am céanna.
Go híorónta, tá na foilsitheoirí Gaelacha ag lorg a mhalairt! Tá Futa Fata ag lorg scéalta le téamaí uilíocha mar go mbreathnaíonn siad ní hamháin ar an margadh Éireannach, ach ar an margadh domhanda freisin.
Mhol Margaret Anne Suggs dúinn mion-thaighde a dhéanamh ar na foilsitheoirí a bheadh oiriúnach dúinn agus na treoracha d’aighneachtaí ag gach ceann acu a leanúint go mion.
If I Could Tell You Just One Thing:
Críochnaigh an lá le caint spreagúil ó Marie-Louise Fitzpatrick. Mhínigh sí a cúlra, an modh oibre atá aici agus ghuí sí gach rath ar gach éinne a bhí sa seomra lena cuid oibre.
Lá iontach taitneamhach a bhí ann agus d’fhoghlaim mé an-chuid. Bhí slua daoine le Gaeilge ann freisin – údair Myra Zepf agus Gemma Bhreathnach ina measc – rud a chuir gliondar croí orm!
Tá an sraith When are You Going To Write a Proper Book ag leanúint ar aghaidh amach anseo agus roinnfidh mé na sonraí ar mo leathnach Facebook chomh luath is a fhaighim iad. Is fiú go mór freastal ar ócáidí mar seo más spéis leat bheith ag scríobh do pháistí!