Tá na páistí ar ais ar scoil agus cairn mhór leabhair agus cóipleabhair leo. Tá mise ar ais ag mo dheasc agus cúpla leabhar nótaí nua, roinnt pinn nua agus… bhuel ok… cairn mhór stáisinéireachta liom. ‘Tis the season dar ndóigh! ‘Sé sin – séasúr na stáisinéireachta!
Ach, tá cúis mhaith agam roinnt ‘uirlisí’ nua a bheith agam. Tá mo shaol mar scríbhneoir níos gnóthaí ná riamh agus is gá dom bheith eagraithe!! Seo chugaibh na rudaí ar fad atá idir láimhe/ag tárlú faoi láthair.
Ainmníodh mar an Scríbhneoir Cónaithe i Leabharlann LexIcon i nDún Laoghaire ag tús an tSamhraidh mé. Tá mé ag baint an-sásamh as go dtí seo – go háraithe as an radharc álainn ó mo dheasc nua ar an 5ú urlár! Tá clár álainn curtha le chéile agam don Fhómhair agus is fiú siniú suas don nuachtlitir (dlr Libraries eBulletin) leis an t-eolas is déanaí a fháil. Nó, má tá tú sa cheantar – buail isteach agus tóg leat cóip den What’s On Guide. Tá mo spás beag féin agam i leabharlann na leanaí ar úrlár 4 freisin – L(e)abhar le Sadhbh! Ann, gheobhaidh tú cóipeanna de m’iris beag #dlrwriter Zine agus áit le nótaí a fhágáil dom. Bí i dteagmháil liom!!
View this post on Instagram
Tá Beag Bídeach ag déanamh rudaí MÓRA le déanaí freisin! Tá sé ainmnithe ar ghearrliosta Gradam Réics Carló AGUS ar ghearrliosta na Children’s Book Awards ag Cumann Litearthachta na hÉireann! Tá mé féin, Róisín agus Futa Fata ar bís go deo faoi sin!
View this post on Instagram
Tá Bí ag Spraoi Liom! gnóthach freisin! Tá cóipeanna curtha leis na pacáistí tacaíochta teangain a scaipeann Tuismitheoirí na Gaeltachta ar dhaoine atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge! Is breá liom go mbeidh Lúna beag ag bualadh leis na tuismitheoirí a bhfuil an cinneadh tábhachtach sin tógtha acu. Fadó, fadó, nuair a thosaigh mé ag obair le Comhluadar Teo. bhí ról agam pacáistí mar iad a chur le chéile agus a scaipeadh – agus clú dá laghad agam ag an am go mbeadh leabhar liom féin sna pacáistí céanna sa todhcaí!!
Táim ag scríobh liom freisin! Tá pictiúirleabhar Gaeilge nua idir lámha agam agus tá sceitimíní orm faoi ach, tá sé ró-luath aon chaint níos mó ná sin a dhéanamh air! Táim ag obair ar cúpla rud eile freisin agus ag ag iarriadh úsáid iomlán a bhaint as mo bhlian sa leabharlann!
Bí ag faire amach dom sna háiteanna seo leanas an Mhí seo:
Meán Fómhair:
Festival of Food, Airfield Estate, Dundrum.
Saturday 7 September @ 11.30am
Sunday 8 September @2pm
Musical Storytime for Toddlers! dlr Writer in Residence, Sadhbh Devlin will join Music Generation to share songs and stories. Age 3-5.
The Write Time: Author Talk
Swords Library • Thursday 19th September • 6.30pm – 7.30pm Booking Essential
Join Irish language children’s author, Sadhbh Devlin, to discuss her work and to learn more about the world of Irish language books. Sadhbh will give practical tips on how to enjoy them with your own children – even if you only have a ‘cúpla focal’. Bígí le Sadhbh Devlin, údar leabhair do pháistí, lena cuid oibre a phlé agus tuilleadh a fhoghlaim faoi leabhair Gaeilge. Tabharfaidh Sadhbh nodanna praiticiúla daoibh le taitneamh a bhaint as leabhair gaelacha le bhur phaistí féin – fiú muna bhfuil ach cúpla focal agaibh!
Culture Night / Oíche Cultúir in LexIcon Library
Fri. 20 September 2019 From 4pm
Make a Memory! Design your very own memory-testing matching game with Sadhbh Devlin. Fun for the whole family! All welcome, no booking required.
Club Leabhar na nÓg
An maith leat bheith ag léamh? Ar mhaith leat deis a fháil labhairt faoi scéalta agus carachtair le daoine óga eile? Más ea, seo an club duitse! Beimid ag bualadh le chéile go minic le scoth na leabhair Gaeilge do dhaoine óga a phlé.
Aois: 8-12
Tús Dáta: Máirt 24 MF
Ionad: LexIcon, Level 3 Room 1
Am: 3.30pm – 4.15pm
Áirthintí: dlrlexiconlib@dlrcoco.ie
Dubray Storyfest
The Dubray StoryFest family book festival will take place at Airfield Estate on Saturday 28th September: a unique, fun-filled, creative festival for children aged 0-12 and their families. Rain or shine, if you like stories, it’s the place to be!
Beidh mé ag glacadh páirt in Children’s Book Festival arís i Mí Dheireadh Fómhair ach beidh orm postáil iomlán nua a scríobh faoi sin mar is mí craiceáilte busy a bheas ann!!