Is cosúil go ritheann féith na scéalaíochta im’ theaghlach, mar bhí baint ag m’iníní óga i gcruthú scéal ar scála ollmhór le déanaí! Tháinig an t-údar/maisitheoir clúiteach, Chris Judge go Bré (ár mbaile dúchais) le miotas nua a chruthú don bhaile agus bhí deis ag slua páistí áitiúla cabhrú leis na mion-sonraí a chur leis.

Na páistí a bhí ag cruthú na scéala sa Bray People.
Bhí neart tuairimí ag na páistí le roinnt, bí cinnte, agus bhí Chris iontach foighneach agus é ag iarraidh ‘leaf monsters’, ‘magic portals’ agus – an ceann is ansa liomsa – ‘lava-hyenas’ a tharraingt beo! I ndiaidh na ceardlainne, d’imigh Chris leis, leis na smaointí uilig a chur le chéile, scéal a scríobh agus sraith íomhánna a chruthú le dul leis.

Chris Judge ag léamh scéal Brave Maeve.
Tháinig scéal ‘Brave Maeve‘ as. Is scéal é faoi Maeve, a tháinig ó ‘na tíortha ó thuaidh’, a dh’fhág a háit dúchais le baile nua a fháil dá mhuintir agus a throid arrachtaí san fharraige chun teacht i dtír ar thrá Bhré le tuilleadh eachtraí a bheith aici!
Nuair a bhí an ealaín críochnaithe aige, rinne comhlucht áitiúil, Triskill Design, na pictiúirí a mhéadú agus iad a phéinteáil ar sainchomharthaí ar leith ar aghaidh na farraige.
Seoladh an #BraveMaeveStorytrail ar an 5 Samhain agus d’fhreastal mé féin agus mo chailíní ar an oscailt oifigiúil.

Léigh Chris an scéal leis an slua a chabhraigh leis é a chruthú agus bhí an-spóirt ag na páistí na píosaí a chur siad leis an scéal a aithint. Bronnadh prionta beag, sínithe ag Chris, ar gach páiste a ghlac páirt sa scéim freisin agus bhí mo chailíní thar a bheith sásta leis na cinn a fuair siad.
I ndiaidh sin, bhí deis againn an slí a leanúint agus na híomhánna a fheiscint ar scála mhór! Tá siad álainn ar fad agus cuireann siad go mór le haghaidh na farraige.

Is fiú go mór teacht ar cuairt go Bré len é a fhescint! Is féidir an scéal a íoslódáil i bhfoirm PDF nó a leanúint ar http://www.bray.ie/bravemaevestorytrail/. Tá léarscáil ar fáil ar an suíomh freisin nó, más fearr leat, cóip crua a fháil is féidir iad a bhailiú ó Platform Pizza atá gar don stáisiún DART.
Aer úr, aclaíocht agus scéalaíocht – bhfuil pioc níos fearr?!
Tuilleadh eolais faoin dtogra agus na daoine a chur ar bun é ANSEO.
Related